Mo Ghile Mear (Irish Trad.) (Traditional melody)










Info
Artist:
Born:
- , -
Died:
- , -
The Artist:
Traditional Music of unknown author.
Info:
LYRICS:
(1 and chorus) Sé mo laoch mo Ghile Mear
‘Sé mo Chaesar, Ghile Mear,
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó chuaigh i gcéin mo Ghile Mear.

(2) Seal da rabhas im’ mhaighdean shéimh,
‘S anois im’ bhaintreach chaite thréith,
Mo chéile ag treabhadh na dtonn go tréan
De bharr na gcnoc is imigéin.

Chorus

(3) Bímse buan ar buairt gach ló,
Ag caoi go cruaidh ‘s ag tuar na ndeór
Mar scaoileadh uaim an buachaill beó
‘S ná ríomhtar tuairisc uaidh, mo bhrón.

Chorus

(4) Ní labhrann cuach go suairc ar nóin
Is níl guth gadhair i gcoillte cnó,
Ná maidin shamhraidh i gcleanntaibh ceoigh
Ó d’imthigh sé uaim an buachaill beó.

Chorus

(5) Ghile Mear ‘sa seal faoi chumha,
‘S Eire go léir faoi chlócaibh dubha;
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó cuaigh i gcéin mo Ghile Mear.

Chorus
Instrument:
Choir  (View more Easy Choir Music)
Copyright:
© Copyright 2000-2024 Red Balloon Technology Ltd (8notes.com)
 

© 2000-2024 8notes.com